Rinneamar cumraíocht ar NoScript sa chaoi go gceadaíonn sé JavaScript i mBrabhsálaí Tor de réir réamhshocraithe toisc nach bhfeidhmíonn go leor suíomh Gréasáin gan JavaScript sa lá atá inniu ann. Thréigfeadh go leor úsáideoirí Tor dá mbeadh JavaScript díchumasaithe de réir réamhshocraithe mar gheall ar an líon fadhbanna a tharlódh. I ndeireadh na dála, ba mhaith linn brabhsálaí atá chomh slán agus is féidir a chruthú, agus san am céanna ceann atá inúsáidte ag formhór na ndaoine. Sin an fáth bunúsach a bhfuil JavaScript cumasaithe de réir réamhshocraithe.

Dóibh siúd ar mhaith leo JavaScript a dhíchumasú ar gach suíomh HTTP de réir réamhshocraithe, molaimid an sleamhnán slándála i mBrabhsálaí Tor a úsáid (sa roghchlár Onion faoi "Socruithe Slándála"). The standard level allows JavaScript, but the safer and safest levels both block JavaScript on HTTP sites.