D'athraíomar an príomhinneall cuardaigh go DuckDuckGo i leagan 6.0.6 de Bhrabhsálaí Tor. Le tamaillín anois, ní raibh Disconnect in ann teacht ar na torthaí cuardaigh ó Google a d'úsáidimis i mBrabhsálaí Tor. Is inneall meiteachuardaigh é Disconnect a ligeann dá chuid úsáideoirí torthaí ó sholáthraithe cuardaigh éagsúla a roghnú. Mar sin, b'éigean dó dul i muinín ar thorthaí ó Bing nach raibh thar mholadh beirte.