Cén fáth ar chóir dom muinín a bheith agam as Brabhsálaí Mullvad?
Murab ionann agus brabhsálaithe eile ar an margadh, ní bhraitheann samhail ghnó Brabhsálaí Mullvad ar leas a bhaint as sonraí iompraíochta úsáideoirí.
Déanann Mullvad airgead trína VPN a dhíol, níl siad i mbun sonraí úsáideoirí a dhíol ón mbrabhsálaí.
Forbraíodh Brabhsálaí Mullvad ag an Tionscadal Tor a bhfuil taifead cruthaithe acu maidir le teicneolaíochtaí saor in aisce agus foinse oscailte a chaomhnaíonn príobháideacht a thógáil agus a imscaradh, amhail Brabhsálaí Tor, Seirbhísí Onion, líonra Tor etc. a chabhraigh le milliúin daoine ó phobail atá i mbaol a gceart chun príobháideachta agus anaithnideachta a chosaint ar líne.