Conas a íoslódáil Brabhsálaí Tor
Is é an bealach is sábháilte chun Brabhsálaí Tor a íoslódáil ná ón suíomh Gréasáin oifigiúil. Má tá sé blocáilte, bain úsáid as ár scátháin oifigiúla nó GetTor.
The safest and simplest way to download Tor Browser is from the official Tor Project website at https://download.torproject.org/. Beidh do nasc leis an suíomh slán ag baint úsáide as HTTPS, rud a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos deacra do dhuine éigin cur isteach air. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh amanna ann nach féidir leat rochtain a fháil ar shuíomh Gréasáin Thionscadal Tor: mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith blocáilte ar do líonra. Má tharlaíonn sé seo, is féidir leat ceann de na modhanna íoslódála malartacha atá liostaithe thíos a úsáid:
Scátháin
Mura bhfuil tú in ann Brabhsálaí Tor a íoslódáil ó shuíomh gréasáin oifigiúil Thionscadal Tor, is féidir leat iarracht a dhéanamh é a íoslódáil ó cheann dár scátháin oifigiúla, trí EFF nó La Cebolla.
GetTor
Is seirbhís í GetTor a fhreagraíonn go huathoibríoch do theachtaireachtaí le naisc chuig an leagan is déanaí de Bhrabhsálaí Tor, atá á óstáil ag réimse suíomhanna, amhail Dropbox, Google Drive agus GitHub.
Faigh Brabhsálaí Tor ar Telegram
Seol teachtaireacht chuig @GetTor_Bot ar Telegram.
- Tapáil ar 'Tosaigh' nó scríobh
/startsa chomhrá. - Roghnaigh do theanga.
Tá dhá rogha ann chun Brabhsálaí Tor a íoslódáil.
- Beartaigh ar 'Seol Brabhsálaí Tor chugam' agus roghnaigh do chóras oibriúcháin. Freagróidh GetTor le comhad Brabhsálaí Tor in-íoslódáilte agus an síniú ar féidir a úsáid chun an íoslódáil a fhíorú.
- Beartaigh ar 'Seol scátháin eile chugam do Bhrabhsálaí Tor' le híoslódáil ó cheann de na scátháin oifigiúla.
Faigh Brabhsálaí Tor trí ríomhphost
Seol ríomhphost chuig gettor@torproject.org, agus i gcorp an teachtaireachta scríobh "windows", "osx", "linux", nó "android" (gan comharthaí athfhriotail) ag brath ar do chóras oibriúcháin. Mar shampla, chun naisc a fháil chun Brabhsálaí Tor do Windows a íoslódáil, seol ríomhphost chuig gettor@torproject.org leis an bhfocal "windows" ann.
Freagróidh GetTor ríomhphost ina mbeidh naisc óna bhféadfaidh tú pacáiste Brabhsálaí Tor, an síniú cripteagrafach (atá riachtanach chun an íoslódáil a fhíorú), méarloirg na heochrach a úsáideadh chun an síniú a dhéanamh, agus suim seiceála an phacáiste a íoslódáil. D’fhéadfaí rogha bogearraí "32-giotán" nó "64-giotán" a thairiscint duit: braitheann sé seo ar mhúnla an ríomhaire atá in úsáid agat.