Conas is féidir liom comhaid a roinnt gan ainm trí Tor?
Le OnionShare is féidir leat comhaid a sheoladh nó a fháil thar Tor go slán agus gan ainm, saor in aisce agus gan seirbhísí ná cuntais tríú páirtí.
Chun comhaid a roinnt thar Tor, is rogha mhaith é OnionShare. Is uirlis foinse oscailte é OnionShare chun comhaid a sheoladh agus a fháil go slán agus gan ainm ag baint úsáide as seirbhísí onion Tor. Oibríonn sé trí fhreastalaí gréasáin a thosú go díreach ar do ríomhaire agus é a dhéanamh inrochtana mar sheoladh gréasáin Tor dothuigthe ar féidir le daoine eile a luchtú i mBrabhsálaí Tor chun comhaid a íoslódáil uait, nó comhaid a uaslódáil chugat. Ní gá freastalaí ar leith a bhunú, seirbhís comhroinnte comhad tríú páirtí a úsáid, ná fiú logáil isteach i gcuntas.
Murab ionann agus seirbhísí cosúil le ríomhphost, Google Drive, DropBox, WeTransfer, nó beagnach aon bhealach eile a sheolann daoine comhaid chuig a chéile de ghnáth, nuair a úsáideann tú OnionShare ní thugann tú rochtain d'aon chuideachtaí ar na comhaid atá á roinnt agat. Chomh fada agus a roinneann tú an seoladh gréasáin dothuigthe ar bhealach slán (mar shampla, é a ghreamú in aip teachtaireachtaí criptithe), ní féidir le haon duine ach tusa agus an duine a bhfuil tú ag roinnt leis rochtain a fháil ar na comhaid.
D'fhorbair Micah Lee OnionShare.