Tá na comhaid ar mo ríomhaire faoi ghlas, agus tá duine éigin ag éileamh orm Brabhsálaí Tor a íoslódáil le go n-íocfaidh mé fuascailt as mo chuid comhad!
Tuiscint a fháil ar an gcúis a bhféadfadh údair malware a rá leat Brabhsálaí Tor a íoslódáil
Tá brón orainn, ach tá malware tar éis ionfhabhtú a chur ort. Níor chruthaigh Tionscadal Tor an malware seo. Tá údair na malware ag iarraidh ort Brabhsálaí Tor a íoslódáil, is dócha, chun teagmháil a dhéanamh leo gan ainm leis an airgead fuascailte atá á éileamh acu ort.
Más é seo do chéad uair a chuireann tú Brabhsálaí Tor i láthair, tuigimid go mb’fhéidir go gceapfá gur daoine dona muid a chuireann ar chumas daoine níos measa fós.
Ach cuimhnigh le do thoil go n-úsáideann gníomhaithe cearta daonna, iriseoirí, marthanóirí foréigin teaghlaigh, sceithirí, oifigigh forfheidhmithe dlí, agus go leor eile ár mbogearraí gach lá chun críocha éagsúla. Ar an drochuair, is féidir le coirpigh agus údair malware mí-úsáid a bhaint as an gcosaint a sholáthraíonn ár mbogearraí do na grúpaí daoine seo freisin. Ní thacaíonn ná ní cheadaíonn Tionscadal Tor úsáid ár mbogearraí chun críocha mailíseacha.