Sin gnáthiompar Tor. Tugtar "garda" nó "garda iontrála" ar an chéad athsheachadán i do chiorcad. Is éard atá sa ngarda ná athsheachadán sciobtha agus cobhsaí a fhanann mar an chéad cheann i do chiorcad ar feadh 2-3 mhí, mar chosaint ar ionsaí aitheanta a dhéanann iarracht do chuid faisnéise pearsanta a nochtadh. Athraíonn an chuid eile den chiorcad aon uair a dtugann tú cuairt ar shuíomh nua. Oibríonn na hathsheachadáin seo as lámh a chéile chun do phríobháideachas a chosaint. Le tuilleadh eolais maidir le gardaí iontrála a fháil, féach ar an bpostáil bhlag seo agus an páipéar seo.