Conas is féidir liom Tor a chur ag rith níos tapúla? An bhfuil Brabhsálaí Tor níos moille ná brabhsálaithe eile?
D’fhéadfadh sé go mbraitheann Brabhsálaí Tor níos moille ná brabhsálaithe eile mar go ndéantar trácht a threorú trí athsheachadáin ar fud an domhain. Braitheann feidhmíocht ar ualach an líonra, ar mhoill, agus ar chosaintí leanúnacha i gcoinne ionsaithe.
Is féidir go mbíonn sé níos moille uaireanta Brabhsálaí Tor a úsáid ná brabhsálaithe eile. Tá breis is milliún úsáideoir laethúil ag líonra Tor, agus beagán os cionn 6000 athsheachadán chun a dtrácht go léir a threorú, agus is féidir leis an ualach ar gach freastalaí moill a chur faoi deara uaireanta. Agus, de réir dearaidh, bíonn do thrácht ag preabadh trí fhreastalaithe oibrithe deonacha i gcodanna éagsúla den domhan, agus beidh roinnt bacainní agus moill líonra i láthair i gcónaí. Is féidir leat cabhrú le luas an líonra a fheabhsú trí do athsheachadán féin a reáchtáil, nó trí dhaoine eile a spreagadh chun é sin a dhéanamh. Chun freagra i bhfad níos doimhne a fháil, féach ar phost blag Roger ar an ábhar agus Topaicí Taighde Oscailte Tor: eagrán 2018 faoi Fheidhmíocht Líonra.
Is féidir leat ár mblagphost Cosaint Líonra Tor i gcoinne Ionsaithe Leanúnacha a léamh freisin, ina bpléitear ionsaithe Diúltú Seirbhíse (DoS) ar Líonra Tor. Ina theannta sin, thugamar isteach Cosaint Cruthúnais Oibre do Sheirbhísí Onion chun cabhrú le cuid de na hionsaithe seo a mhaolú. É sin ráite, tá Tor i bhfad níos tapúla ná mar a bhíodh sé agus b'fhéidir nach dtabharfaidh tú faoi deara aon athrú ar luas ó bhrabhsálaithe eile.