Molaimid go láidir duit gan athrú a dhéanamh ar an gcaoi a gcruthaíonn Tor a chuid ciorcad. Gheobhaidh tú an tslándáil is fearr nuair a fhágann tú roghnú an ródúcháin faoi Tor. Níl sé sábháilte na hathsheachadáin isteach / amach a roghnaíonn Tor a athrú.
Mura bhfuil tú ach ag iarraidh teacht ar acmhainní nach bhfuil ar fáil ach i dtír amháin, b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr VPN a úsáid in áit Tor. Réitíonn VPNanna roinnt fadhbanna a bhaineann le geoshuíomh, ach ní bhfaighidh tú na gnéithe céanna príobháideachais a fhaigheann tú ó Tor.