Fadhbanna agus teorainneacha aitheanta i mBrabhsálaí Tor
Is fadhbanna coitianta iad seo a d’fhéadfadh cosc a chur ar Bhrabhsálaí Tor oibriú.
Féach ar:
- Caithfidh clog do chórais (agus do chrios ama) a bheith socraithe go dtí an t-am ceart i gcás Tor.
- Cosaint frithvíreas nó malware a chuireann bac ar úsáideoirí rochtain a fháil ar Bhrabhsálaí Tor. Uaireanta bíonn torthaí dearfacha bréagacha maidir le malware agus/nó leochaileachtaí le feiceáil iontu seo freisin. Is eol go gcuireann na bogearraí frithvíreas agus balla dóiteáin seo a leanas isteach ar Tor agus b’fhéidir go mbeadh gá iad a dhíchumasú go sealadach:
- Webroot SecureAnywhere
- Kaspersky Internet Security 2012
- Sophos Antivirus for Mac
- Microsoft Security Essentials
- Avast Antivirus
- Is gnách go mbíonn VPNanna ag cur isteach ar Tor freisin agus ní mór iad a dhíchumasú. Chomh maith leis sin, ní mholaimid VPN agus Tor a úsáid le chéile mura úsáideoir ardleibhéil thú a bhfuil a fhios agat conas an dá cheann a chumrú ar bhealach nach gcuireann do phríobháideacht i mbaol. Is féidir leat tuilleadh eolais mhionsonraithe faoi Tor + VPN a fháil ar ár vicí.
- Níl físeáin a bhfuil Adobe Flash ag teastáil uathu ar fáil. Tá Flash díchumasaithe ar chúiseanna slándála.
- Ní féidir le Tor droichead a úsáid má tá seachfhreastalaí socraithe.
- Má bhí Brabhsálaí Tor ag obair roimhe seo agus mura bhfuil sé ag obair anois (go háirithe tar éis athshuiteáil nó nuashonrú), b'fhéidir go raibh do chóras i ngeimhriú. Sa chás sin, réiteoidh atosú do chórais an fhadhb.
- Ní thosóidh Tor ar Windows nuair a bhíonn carachtair nach ascii iad sa chosán fillteáin.
- BitTorrent níl sé gan ainm ar Tor.
- Tá tacaíocht do Fíordheimhniú Gréasáin (WebAuthn) agus Universal 2nd Factor (U2F) (i.e. YubiKey) díchumasaithe i mBrabhsálaí Tor.
- Tá íomhánna a uaslódáiltear ar Bhrabhsálaí Tor (Deasc agus Android) randamach.
- Ní mholtar roinnt samplaí de Bhrabhsálaí Tor a rith ag an am céanna. Ar go leor ardán, b’fhéidir nach n-oibreoidh sé seo mar a bhíothas ag súil leis agus d’fhéadfadh sé earráidí nó iompar gan choinne a chur faoi deara.
- Fadhbanna le Brabhsálaí Tor a dhéanamh mar do bhrabhsálaí réamhshocraithe. Tá modhanna ann chun Brabhsálaí Tor a shocrú mar do bhrabhsálaí réamhshocraithe, ach ní fhéadfadh na modhanna sin a bheith ag obair i gcónaí ná i ngach córas oibriúcháin. Oibríonn Brabhsálaí Tor go dian chun é féin a leithlisiú ón gcuid eile de do chóras, agus níl na céimeanna chun é a dhéanamh mar an brabhsálaí réamhshocraithe iontaofa. Ciallaíonn sé seo go lódálann suíomh Gréasáin i mBrabhsálaí Tor uaireanta, agus go lódálann sé i mbrabhsálaí eile uaireanta eile. Is féidir leis an gcineál seo iompair a bheith contúirteach agus anaithnideacht a bhriseadh.
Fadhbanna sa leagan cobhsaí is déanaí
Aon uair a scaoilimid leagan nua cobhsaí de Bhrabhsálaí Tor, foilsímid post blag ina sonraítear gnéithe nua agus saincheisteanna aitheanta. Má thosaigh tú ag fulaingt fadhbanna tar éis nuashonraithe, féach ar blog.torproject.org le haghaidh an phoist faoin scaoileadh cobhsaí is déanaí.
Mura bhfuil do fhadhb liostaithe ansin:
- Seiceáil an Rianaitheoir saincheisteanna Brabhsálaí Tor.
- Mura bhfuil sé tuairiscithe fós, oscail Fadhb GitLab ag cur síos ar a bhfuil á fhulaingt agat.
Faoi láthair, tá roinnt gnéithe nach bhfuil ar fáil i mBrabhsálaí Tor do Android, ach atá ar fáil faoi láthair i mBrabhsálaí Tor do dheasc.
- Ní féidir leat do chiorcad Tor a fheiceáil. #200
- Ní cheanglaíonn Brabhsálaí Tor d'Android nuair a bhogtar chuig an gCárta SD é. #31814
- Ní féidir leat seoltaí onion a oscailt a bhfuil Údarú Cliant ag teastáil uathu #201
- Níl an ghné 'Céannacht Nua' ar fáil ar Bhrabhsálaí Tor le haghaidh Android. #28800
- Níl an ghné 'Onion-Location' ar fáil ar Bhrabhsálaí Tor le haghaidh Android. #151