Ag Ceangal le Tor

Murar féidir leat an tseirbhís onion atá uait a bhaint amach, deimhnigh gur chuir tú an seoladh onion 16-carachtar, nó sa leagan is déanaí, 56-carachtar, isteach i gceart: chuirfeadh fiú botún beag Brabhsálaí Tor ar strae agus ní bheadh sé in ann an tseirbhís a bhaint amach. Mura bhfuil tú in ann ceangal a bhunú leis an tseirbhís onion fós, bain triail eile as ar ball. B'fhéidir go bhfuil fadhb shealadach leis an líonra, nó b'fhéidir gur lig stiúrthóirí an tsuímh dó dul as líne gan rabhadh.

You can also ensure that you're able to access other onion services by connecting to DuckDuckGo's onion service.

Má tá fadhb agat ag ceangal le líonra Tor, úsáid an rogha “Cóipeáil Logchomhad Tor go dtí an Ghearrthaisce.” Ansin, greamaigh an logchomhad Tor isteach i dtéacschomhad nó i gcáipéis eile. Is dócha go bhfeicfidh tú ceann de na hearráidí coitianta seo (cuardaigh na línte seo a leanas sa logchomhad Tor):

Earráid choitianta #1 sa logchomhad: Theip ar cheangal le seachfhreastalaí
2017-10-29 09:23:40.800 [NOTICE] Opening Socks listener on 127.0.0.1:9150
2017-10-29 09:23:47.900 [NOTICE] Bootstrapped 5%: Connecting to directory server
2017-10-29 09:23:47.900 [NOTICE] Bootstrapped 10%: Finishing handshake with directory server
2017-10-29 09:24:08.900 [WARN] Proxy Client: unable to connect to xx..xxx..xxx.xx:xxxxx ("general SOCKS server failure")

Má fheiceann tú línte den sórt seo i do logchomhad Tor, ciallaíonn sé gur theip ort ceangal a bhunú le seachfhreastalaí SOCKS. Má theastaíonn seachfhreastalaí SOCKS uait ar do líonra, deimhnigh gur chuir tú mionsonraí an fhreastalaí isteach go ceart. Mura dteastaíonn seachfhreastalaí SOCKS uait, nó mura bhfuil tú cinnte, déan iarracht ceangal a bhunú le líonra Tor gan seachfhreastalaí SOCKS.

Earráid choitianta #2 sa logchomhad: Ní féidir garda iontrála a bhaint amach
11/1/2017 21:11:43 PM.500 [NOTICE] Opening Socks listener on 127.0.0.1:9150
11/1/2017 21:11:44 PM.300 [NOTICE] Bootstrapped 80%: Connecting to the Tor network
11/1/2017 21:11:44 PM.300 [WARN] Failed to find node for hop 0 of our path. Discarding this circuit.
11/1/2017 21:11:44 PM.500 [NOTICE] Bootstrapped 85%: Finishing handshake with first hop
11/1/2017 21:11:45 PM.300 [WARN] Failed to find node for hop 0 of our path. Discarding this circuit.

Má fheiceann tú línte den sórt seo sa logchomhad Tor, ciallaíonn sé gur theip ar Tor ceangal a bhunú leis an chéad nód sa gciorcad Tor. Seans go gciallaíonn sé seo go bhfuil do líonra faoi chinsireacht.

Ba chóir duit triail a bhaint as droichead; is dócha go réiteoidh sin an fhadhb.

Earráid choitianta #3 sa logchomhad: Níorbh fhéidir an croitheadh láimhe TLS a chur i gcrích
13-11-17 19:52:24.300 [NOTICE] Bootstrapped 10%: Finishing handshake with directory server 
13-11-17 19:53:49.300 [WARN] Problem bootstrapping. Stuck at 10%: Finishing handshake with directory server. (DONE; DONE; count 10; recommendation warn; host [host] at xxx.xxx.xxx.xx:xxx) 
13-11-17 19:53:49.300 [WARN] 10 connections have failed: 
13-11-17 19:53:49.300 [WARN]  9 connections died in state handshaking (TLS) with SSL state SSLv2/v3 read server hello A in HANDSHAKE 
13-11-17 19:53:49.300 [WARN]  1 connections died in state connect()ing with SSL state (No SSL object)

Má fheiceann tú línte den sórt seo i do logchomhad Tor, ciallaíonn sé gur theip ar Tor croitheadh láimhe TLS leis na húdaráis a chur i gcrích. Is dócha go réiteoidh droichead an fhadhb seo.

Earráid choitianta #4 sa logchomhad: Clog ar sceabha
19.11.2017 00:04:47.400 [NOTICE] Opening Socks listener on 127.0.0.1:9150 
19.11.2017 00:04:48.000 [NOTICE] Bootstrapped 5%: Connecting to directory server 
19.11.2017 00:04:48.200 [NOTICE] Bootstrapped 10%: Finishing handshake with directory server 
19.11.2017 00:04:48.800 [WARN] Received NETINFO cell with skewed time (OR:xxx.xx.x.xx:xxxx): It seems that our clock is behind by 1 days, 0 hours, 1 minutes, or that theirs is ahead. Tor requires an accurate clock to work: please check your time, timezone, and date settings.

Má fheiceann tú línte den sórt seo i do logchomhad Tor, ciallaíonn sé go bhfuil an clog i do ríomhaire mícheart. Ba chóir duit deimhniú go bhfuil an clog socraithe mar is ceart, an crios ama san áireamh. Ansin, atosaigh Tor.

Is minic go mbíonn fadhb le clog an chórais ina cúis le hearráidí i mBrabhsálaí Tor. Ba chóir duit deimhniú go bhfuil clog an chórais agus an crios ama socraithe mar is ceart. If this doesn't fix the problem, see the Troubleshooting page on the Tor Browser manual.