Faoi láthair, tá Tor códáilte le 3 nód a úsáid, móide líon na n-athsheachadán sa chosán atá íogair. Is é sin le rá, úsáideann sé 3 cinn de ghnáth, ach má tá tú ag úsáid seirbhíse onion nó seoladh ".exit", d'fhéadfadh sé a bheith níos mó ná 3 cinn.

Níor mhaith linn moladh do dhaoine cosáin níos faide a úsáid toisc go gcruthódh sé sin lód níos troime ar an líonra, gan (go bhfios dúinn) slándáil a fheabhsú. Chomh maith leis sin, le níos mó ná 3 nód bíonn sé níos éasca ionsaithe diúltú slándála a dhéanamh, agus nochtann sé eolas fútsa mura bhfuil mórán daoine ag baint úsáid as an líon céanna nód.