- Ná húsáid na pacáistí i gcartlanna Ubuntu. Ní dhéantar nuashonrú orthu ar bhonn rialta. Má úsáideann tú iad, ní bhfaighidh tú nuashonruithe tábhachtacha a bhaineann le cobhsaíocht agus le slándáil.
- Is féidir leat an leagan Ubuntu atá agat a fháil amach leis an ordú seo a leanas:
$ lsb_release -c
- Mar fhréamh, cuir na línte seo a leanas chuig /etc/apt/sources.list. Cuir an leagan a fuair tú sa chéim roimhe seo in ionad 'leagan':
deb https://deb.torproject.org/torproject.org version main
deb-src https://deb.torproject.org/torproject.org version main
- Sainigh an eochair gpg a úsáideadh chun na pacáistí a shíniú leis na horduithe seo a leanas:
$ curl https://deb.torproject.org/torproject.org/A3C4F0F979CAA22CDBA8F512EE8CBC9E886DDD89.asc | sudo apt-key add -
- Rith na horduithe seo a leanas chun Tor a shuiteáil agus na sínithe a dheimhniú:
$ sudo apt-get update
$ sudo apt-get install tor deb.torproject.org-keyring