Cliceáil an cnaipe "Cóipeáil Logchomhad Tor go dtí an Ghearrthaisce" a fheicfidh tú san fhuinneog nuair a cheanglaíonn Brabhsálaí Tor leis an líonra i dtosach báire. Má tá Brabhsálaí Tor oscailte cheana féin, cliceáil an cnaipe Tor (an t-oinniún beag glas ag barr an scáileáin ar chlé), ansin "Socruithe Líonra Tor", ansin "Cóipeáil Logchomhad Tor go dtí an Ghearrthaisce". Chomh luath agus a bheidh an logchomhad cóipeáilte agat, beidh tú in ann é a ghreamú isteach in eagarthóir téacs nó i gcliant rphoist.