Cuireann Tor cosc ar chúléisteoirí na suímh a dtugann tú cuairt orthu a fheiceáil. Mar sin féin, nuair a sheolann tú faisnéis neamhchriptithe trasna an Idirlín thar HTTP, is féidir le hoibreoirí an athsheachadáin amach, nó le haon duine atá ag féachaint ar an trácht idir an athsheachadán amach agus an suíomh Gréasáin, an trácht sin a fheiceáil. Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh HTTPS, bíonn an trácht a fhágann an t-athsheachadán amach criptithe sa chaoi nach mbeadh cúléisteoir in ann é a léamh.

https

Má tá tú ag úsáid HTTPS, tosóidh URL an tsuímh le "https://".

https

Léiríonn an pictiúr seo an t-eolas is féidir le cúléisteoirí a fheiceáil le agus gan Brabhsálaí Tor agus criptiúchán HTTPS.