Fabhtcheartú fadhbanna ceangail agus úsáide i mBrabhsálaí Tor
Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoin leagan de Bhrabhsálaí Tor atá suiteáilte agat agus Logaí Tor a fháil chun fadhb leis an mbrabhsálaí a réiteach. Is faisnéis thábhachtach í seo le roinnt agus ticéad tacaíochta á ardú nó tuairisc fabht á chomhdú.
Ba chóir go mbeifeá in ann tosú ag brabhsáil an ghréasáin ag baint úsáide as Brabhsálaí Tor go gairid tar éis duit an clár a rith, agus cliceáil ar an gcnaipe "Ceangail" má tá tú á úsáid den chéad uair.
Cliceáil 'Ceangail' chun ceangal le Tor
Cuireann an Cúnamh Ceangail ar an eolas thú faoi staid do nasc Idirlín.
Tástáil Cúnaimh Ceangail
Seiceáil do Nasc Idirlín má deir sé 'As Líne'. Mura bhfuil do nasc leis an Líonra Tor bunaithe agus má léann sé 'Gan Ceangal', d'fhéadfadh na céimeanna seo a leanas a bheith ina gcabhair.
Earráid as líne Cúnamh Ceangail
Seiceáil leagan an bhrabhsálaí
Is minic a bhíonn sé tábhachtach a fhios a bheith agat cén leagan de Bhrabhsálaí Tor atá in úsáid agat, chun cabhrú leat fadhb a réiteach nó díreach chun a fháil amach an bhfuil Brabhsálaí Tor cothrom le dáta. Is eolas tábhachtach é seo le roinnt agus ticéad tacaíochta á ardú.
- Nuair atá Brabhsálaí Tor ag rith agat, cliceáil ar "Socruithe" sa roghchlár hamburger (≡).
- Scrollaigh síos go dtí an rannán "Nuashonruithe Brabhsálaí Tor" áit a bhfuil an uimhir leagain liostaithe.
Ceartúcháin thapa
Mura gceanglaíonn Brabhsálaí Tor, d’fhéadfadh réiteach simplí a bheith ann. Bain triail as gach ceann díobh seo a leanas:
- Ní mór clog chórais do ríomhaire a bheith socraithe i gceart, nó ní bheidh Tor in ann ceangal.
- Cinntigh nach bhfuil Brabhsálaí Tor eile nó sampla de 'Tor' ag rith ar do chóras cheana féin. Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil Brabhsálaí Tor ag rith, atosú do ríomhaire.
- Déan cinnte nach bhfuil aon chlár frithvíreas atá suiteáilte agat ag cur bac ar Tor ó rith. B’fhéidir go mbeadh ort dul i gcomhairle leis an doiciméadacht a bhaineann le do bhogearraí frithvíreas mura bhfuil a fhios agat conas é seo a dhéanamh.
- Díchumasaigh do bhalla dóiteáin go sealadach.
- Má bhí Brabhsálaí Tor ag obair roimhe seo agus mura bhfuil sé ag obair anois, b'fhéidir go raibh do chóras i ngeimhriú. Réiteoidh atosú do chórais an fhadhb.
- Scrios Brabhsálaí Tor agus suiteáil arís é. Má tá tú ag nuashonrú, ná scríobh thar do chuid comhad Brabhsálaí Tor roimhe seo; déan cinnte go scriostar go hiomlán iad roimh ré.
Féach ar logaí Tor
I bhformhór na gcásanna, is féidir go mbeadh sé ina chuidiú breathnú ar logaí Tor chun an fhadhb a dhiagnóisiú. Má bhíonn deacracht agat ceangal, d’fhéadfadh teachtaireacht earráide teacht suas agus is féidir leat an rogha a roghnú chun "log Tor a chóipeáil chuig an ghearrthaisce". Ansin greamaigh loga Tor i gcomhad téacs nó i ndoiciméad eile.
Mura bhfeiceann tú an rogha seo agus má tá Brabhsálaí Tor oscailte agat, is féidir leat nascleanúint a dhéanamh chuig an roghchlár hamburger ("≡"), ansin cliceáil ar "Socruithe", agus ar deireadh ar "Ceangal" sa bharra taobh. Ag bun an leathanaigh, in aice leis an téacs "Féach ar logaí Tor", cliceáil an cnaipe "Féach ar Logaí...".
Nó, ar GNU/Linux, chun na logaí a fheiceáil díreach sa chríochfort, téigh chuig eolaire Brabhsálaí Tor agus seol Brabhsálaí Tor ón líne ordaithe trí rith:
./start-tor-browser.desktop --verbose
Nó chun na logaí a shábháil i gcomhad (réamhshocrú: tor-browser.log):
./start-tor-browser.desktop --log [file]
Féach ar 'Earráidí loga Tor a léamh' le go bhféadfá earráidí coitianta ó logaí Tor a réiteach.
An bhfuil do nasc cinsireachta?
Mura bhfuil tú in ann ceangal fós, b'fhéidir go bhfuil do Sholáthraí Seirbhíse Idirlín ag cinsireacht naisc leis an líonra Tor. Léigh an chuid Seachaint le haghaidh réitigh fhéideartha.
Fadhbanna aitheanta
Tá Brabhsálaí Tor faoi fhorbairt leanúnach, agus tá roinnt fadhbanna ar eolas ach níl siad réitithe fós. Seiceáil an leathanach Known Issues le feiceáil an bhfuil an fhadhb atá agat liostaithe ann cheana féin.
Seiceáil leagan an bhrabhsálaí
Ón aip:
- Nuair a bhíonn Brabhsálaí Tor do Android ag rith agat, tapáil ar 'Socruithe'.
- Scrollaigh síos go bun an leathanaigh áit a mbeidh an uimhir leagain liostaithe.
- Beartaigh ar 'Maidir le Brabhsálaí Tor'.
- Ba chóir uimhir an leagain a bheith liostaithe ar an leathanach seo.
Ó roghchlár Android:
- Téigh go Socruithe Android.
- Beartaigh ar 'Aipeanna' chun an liosta aipeanna atá suiteáilte ar do ghléas a oscailt.
- Aimsigh 'Brabhsálaí Tor' ón liosta aipeanna.
- Beartaigh ar 'Brabhsálaí Tor'.
- Scrollaigh síos go bun an leathanaigh áit a mbeidh an uimhir leagain liostaithe.
Féach ar Logaí Tor
- Beartaigh ar dheilbhín na socruithe nó "Cumraigh nasc" nuair atá tú ar an scáileán "Ceangail le Tor".
- Téigh go dtí an chuid "Ceangal" de na Socruithe.
- Beartaigh ar "Logaí Tor".
- Chun logaí Tor a chóipeáil chuig an ngearrthaisce, tapáil ar an gcnaipe "Cóipeáil" ag bun an scáileáin.
Féach ar 'Earráidí loga Tor a léamh' le go bhféadfá earráidí coitianta ó logaí Tor a réiteach.
Féach ar logaí Tor ar Bhrabhsálaí Tor le haghaidh Android